Thíos cois na trá domh, in ndoimhneacht na h-oíche 	 
An saol mhor ina gcodhladh, 's mise liom féin  
Na h-éanacha mara ag scairtigh go léanmhar  
Cosúil le h-anamnacha bochta i bpéin 
  	 
Ionlán gealaí 's iomlán rabharta  
Aoibhneas 's ciúineas, 's áilleacht sa domhain 
Crónán na fairrige ag dul siar ar mo chluasa 
Bog-cheol an uisce ag sileadh sam abhainn  

Istigh ar h-inseáin tá sean-reilig bheannaithe  
An áit inar mhaireadh naoimh sam aimsir fadó 
Tá daoine istigh ann ag chaith seal do h-aerach  
Ní shiúlfaidh siad thar fán chladaigh níos mó  
  	 
Bhuail uaigneas m'intinn 's mé ag amharc ar an reilig  
'S mé ag meadhradh ar dhaoine istigh ann ina luí  
Fir a's mná óga, seandaoine 's páistí  
Muintir mo mhuintir 's cairde mo chroí 
  	 
Tá no coiligh ag glaoch 's na réalta ag bánú  
Tá an gealach ina luí 's ní fada go lá 
Slán agat anois a shean-reilig bheannaithe 
'S na daoine a shiúlfadh liom síos cois na trá